Skip to content
Page is loading

Amlíne: An Stair

Scannán: ‘Ó chadráil cois tine go húdar ceannais’

Scannán: ‘Ó chadráil cois tine go húdar ceannais’

Sa chlár faisnéise seo, caitear súil siar ar stair na Comhairle Eorpaí ón lá ar bunaíodh í go dtí an lá atá inniu ann. Léirítear ann garspriocanna tábhachtacha ó na blianta deireanacha a mhúnlaigh an chaoi a ndéanann ceannairí an Aontais cinntí.

Insítear an scéal trí shúile na ndaoine a chonaic claochlú na Comhairle Eorpaí go dtí an lárionad cinnteoireachta atá ann inniu.

Tuilleadh eolais faoi na himeachtaí agus na conarthaí lenar múnlaíodh ról na Comhairle Eorpaí, Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an Ghrúpa Euro agus an Chruinnithe Mullaigh Euro.

  • 1950

    Dearbhú Schuman

    D’fhógair Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, go gcruthófaí Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a bheadh faoi smacht ag Ard-Údarás comhchoiteann. Réitíodh an bealach don Aontas Eorpach, agus dhá chroíphrionsabal mar bhonn leis: an tsíocháin agus an dlúthpháirtíocht.

  • 1952

    23 Iúil

    Conradh Pháras

    Bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) le Conradh Pháras, lenar cruthaíodh an cómhargadh do ghual agus cruach. Le bunú an chomhphobail, cruthaíodh muinín arís agus seachnaíodh teannas idir tíortha comharsanachta san Eoraip tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Ba é Conradh CEGC, a chuaigh in éag in 2002, an chéad chonradh bunaidh de chuid an Chomhphobail Eorpaigh.

    Síniú Chonradh Pháras an 18 Aibreán 1951
  • 1952

    8 Meán Fómhair

    An Chéad chruinniú de Chomhairle Speisialta Airí CEGC

    Tionóladh an chéad chruinniú de Chomhairle Speisialta na nAirí de chuid an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach i Lucsamburg, agus ba as sin a tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh.

  • 1958

    1 Eanáir

    Conarthaí na Róimhe

    Le Conarthaí na Róimhe, bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Comhphobal Eorpach d'Fhuinneamh Adamhach (Euratom). Tionóladh an chéad chruinniú de Chomhairle CEE an 25 Eanáir 1958 faoi chathaoirleacht Victor Larock, Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge.

  • 1965

    2 Iúil

    Géarchéim na cathaoireach foilmhe

    In 1965, d'fhógair an Fhrainc nach bhfreastalódh sí ar chruinnithe na Comhairle toisc nár aontaigh sí leis an gcaibidlíocht maidir le maoiniú an Chomhbheartais Talmhaíochta. Réitíodh an ghéarchéim ina dhiaidh sin a bhuíochas do chomhréiteach Lucsamburg 1966 faoinar cinneadh go gcuirfí vótáil aontoilíochta chun feidhme feasta agus leasanna móra i gceist.

    Chinn an Fhrainc gan freastal ar chruinnithe de chuid na Comhairle mar gheall ar easaontas faoi mhaoiniú an Chomhbheartais Talmhaíochta
  • 1967

    1 Iúil

    Na Conarthaí Cumaisc

    Leis an dá chonradh seo (1967 agus 1971), tugadh isteach Comhairle aonair, Coimisiún aonair agus buiséad aonair do na trí Chomhphobal (CEGC, Euratom agus CEE). Cuireadh Coreper ar bhonn foirmiúil mar chomhlacht ullmhúcháin den Chomhairle.

  • 1973

    1 Eanáir

    An chéad mhéadú

    Tháinig an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe isteach sna Comhphobail Eorpacha, agus leis sin bhí naoi mBallstát i gceist.

    Síníodh an Conradh i dtaobh Aontachas na Danmhairge, na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe leis an Aontas Eorpach
  • 1975

    11 Márta

    An chéad chruinniú ag an gComhairle Eorpach

    Tháinig an Chomhairle Eorpach le chéile den chéad uair i mí an Mhárta 1975 i mBaile Átha Cliath.

    An chéad chruinniú den Chomhairle Eorpach i mBaile Átha Cliath, 11 Márta 1975
  • 1981

    1 Eanáir

    Tháinig an Ghréig isteach san Aontas Eorpach

    Bhain ballraíocht AE figiúir dhúbailte amach nuair a tháinig an Ghréig isteach sa chomhphobal.

  • 1985

    14 Meitheamh

    Comhaontú Schengen

    I Schengen (Lucsamburg), shínigh an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg agus an Ísiltír Comhaontú Schengen maidir le rialuithe teorann a dhíothú.

    Le Comhaontú Schengen, bheadh daoine in ann taisteal, de réir a chéile, gan a bpas a sheiceáil ag teorainneacha inmheánacha. Is ina dhiaidh sin, in 1995, a tosaíodh ar Chomhaontú Schengen a chur chun feidhme.

  • 1986

    1 Eanáir

    Tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil isteach san Aontas Eorpach

    Tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil isteach san Aontas, agus leis sin, tháinig méadú ar bhallraíocht na gComhphobal Eorpach go dtí 12.

    Tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil isteach san Aontas an 1 Eanáir 1986
  • 1987

    1 Iúil

    An Ionstraim Eorpach Aonair

    Leis an Ionstraim Eorpach Aonair (IEA), bunaíodh an margadh inmheánach, lena ndearnadh foráil do shaorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil. Leis sin, seoladh comhar i ndáil le beartas eachtrach agus leathnaíodh úsáid na vótála trí thromlach cáilithe le haghaidh cinnteoireachta laistigh den Chomhairle.

    Leis an Ionstraim Eorpach Aonair, tugadh bunús dlí freisin don Chomhairle Eorpach, rud a chuir cruinnithe de Cheannairí Stáit nó Rialtais ar bhonn foirmiúil.

  • 1992

    11 Nollaig

    Seisiúin phoiblí

    Leis an gComhairle Eorpach i nDún Éideann i 1992, cuireadh tús le "díospóireachtaí poiblí" agus leathnaíodh an nós seo le himeacht ama, go háirithe le Conradh Liospóin.

    Sa lá atá inniu ann, is féidir díospóireachtaí poiblí agus cur agus cúiteamh poiblí na Comhairle a leanúint ar an láithreán gréasáin.

  • 1993

    1 Samhain

    Conradh Maastricht

    Ar theacht i bhfeidhm Chonradh Maastricht, cruthaíodh an tAontas Eorpach, arbh Aontas é a bhí bunaithe ar cholún méadaithe den 'Chomhphobal'. Cruthaíodh Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta leis an gConradh agus bunaíodh dhá cholún nua: an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) agus comhar i réimse an cheartais agus gnóthaí baile (CGB).

    Tugadh stádas foirmiúil don Chomhairle Eorpach i gConradh Maastricht. Tugadh dlús agus treoirlínte ginearálta polaitiúla d'fhorbairt an Aontais Eorpaigh leis sin.

    Chuathas i dtreo an euro a bhunú le Conradh Maastricht freisin agus seoladh an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES).

    Síniú Chonradh Maastricht ar an 7 Feabhra 1992
  • 1995

    1 Eanáir

    An 4ú méadú ar an Aontas

    Tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach san Aontas. Chlúdaigh na 15 chomhalta Iarthar na hEorpa ar fad, beagnach, faoin am sin.

  • 1997

    13 Nollaig

    Cruthaíodh an Grúpa Euro

    D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach cruthú an Ghrúpa Euro, comhlacht neamhfhoirmiúil a thugann airí airgeadais tíortha a bhfuil an euro mar airgeadra acu le chéile. Tionóladh an chéad chruinniú de chuid an Ghrúpa Euro an 4 Meitheamh 1998 ag Chateau de Senningen i Lucsamburg.

  • 1999

    1 Bealtaine

    Conradh Amstardam

    Le Conradh Amstardam, bunaíodh limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus rinneadh Comhaontú Schengen a chomhtháthú le dlí an Aontais. Leasaíodh leis an gconradh sin ról Ardrúnaí na Comhairle agus rinneadh Ardionadaí don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála de, freisin.

    Conradh Amstardam
  • 2002

    1 Eanáir

    Tháinig an euro i gcúrsaíocht

    Ar an 1 Eanáir 2002, cuireadh an euro i gcúrsaíocht mar nótaí bainc agus boinn, in ionad na n-airgeadraí náisiúnta.

    Cuireadh an euro i gcúrsaíocht mar nótaí bainc agus mar bhoinn
  • 2003

    1 Feabhra

    Conradh Nice

    In oirchill an Aontais mhéadaithe, a raibh 27 mBallstát le bheith feasta ann, rinneadh athchóiriú faoi Chonradh Nice ar institiúidí an Aontais. Rinneadh athchóiriú ar an gComhairle chun vótáil trí thromlach cáilithe a leathnú, agus chun prionsabal an chomhair fheabhsaithe idir na Ballstáit a thabhairt isteach.

  • 2004

    1 Bealtaine

    An méadú is mó ar an Aontas Eorpach

    Tháinig deich dtír nua isteach san Aontas ag an am céanna: Poblacht na Seice, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin. Ba é sin an méadú aonair ba mhó ar an Aontas ó thaobh daoine agus líon na dtíortha de.

    25 Bhallstát a bhí san Aontas Eorpach faoin am seo.

  • 2007

    1 Eanáir

    Tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin isteach san Aontas Eorpach

    Tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin isteach san Aontas, agus leis sin, bhí 27 mBallstát ann.

    Tháinig méadú ar bhallraíocht an Aontais go 27, tar éis aontachas na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas
  • 2009

    1 Nollaig

    Conradh Liospóin

    Tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, conradh a rinne athchóiriú ar struchtúr an Aontais Eorpaigh agus ar an mbealach ar fheidhmigh sé.

    Cuireadh síneadh leis an úsáid a baineadh as vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle.

    B'institiúid lánfheidhme í anois an Chomhairle Eorpach agus a hUachtarán féin uirthi. Roimhe sin, comhlacht neamhfhoirmiúil a bhí sa Chomhairle Eorpach agus ba phost neamh-oifigiúil a bhíodh ag ceannaire na Comhairle Eorpaí. Bhí an ról sin ag Ceannaire Stáit nó Rialtais an Bhallstáit a raibh Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh aige ag an am.

    Síniú Chonradh Liospóin
  • 2012

    10 Nollaig

    Duais Nobel na Síochána bronnta ar an Aontas Eorpach

    Bronnadh Duais Nobel na Síochána 2012 ar an Aontas Eorpach as ucht an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine san Eoraip a chur chun cinn.

    Agus Duais Nobel na Síochána á bronnadh ar an Aontas, dúirt Coiste Nobel na hIorua go raibh an cinneadh sin bunaithe ar an ról cobhsaitheach a bhí ag an Aontas maidir leis an tsíocháin a chur i réim ar an mór-roinn, áit a mbíodh sé ina chogadh dearg tráth.

    Bronnadh Duais Nobel na Síochána 2012 ar an Aontas Eorpach
  • 2013

    1 Iúil

    Tháinig an Chróit isteach san Aontas Eorpach

    Ba í an Chróit an dara tír as an iar-Iúgslaiv a tháinig isteach san Aontas, i ndiaidh na Slóivéine.

    28 mBallstát a bhí san Aontas Eorpach faoin am seo.

  • 2020

    31 Eanáir

    An tAontas Eorpach fágtha ag an Ríocht Aontaithe

    Ag eascairt as an reifreann náisiúnta a ritheadh an 23 Meitheamh 2016, agus tar éis don dá pháirtí an Comhaontú um Tharraingt Siar a dhaingniú in Eanáir 2020, tá an tAontas Eorpach fágtha ag an Ríocht Aontaithe.

An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Bealtaine 2026