Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
22 Iúil 2026
17 Iúil 2026
- Súil chun cinn: an 20 Iúil - 2 Lúnasa 2026
Forléargas ar na príomhábhair a phléifear ag cruinnithe Chomhairle an Aontais Eorpaigh as seo go ceann coicíse agus ar na himeachtaí a eagrófar do na meáin.
- Coimpléasc tionsclaíoch míleata na Rúise: sé liostú comhaontaithe ag an Aontas a bhaineann le hionsaithe marfacha ar Chív
D’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha ar dhuine aonair amháin agus ar chúig eintiteas, atá mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch míleata na Rúise, agus a bhfuil baint acu le dróin a mhonarú.
- An Úcráin: ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh 12 bhliain tar éis thurnamh Eitilt MH17 Malaysian Airlines
D’eisigh an tArdionadaí ráiteas thar ceann an Aontais Eorpaigh 12 bhliain tar éis thurnamh Eitilt MH17 Malaysian Airlines.
16 Iúil 2026
- An tSiria: ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le seisiún tionscnaimh Thionól an Phobail
D’eisigh an tArdionadaí ráiteas thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le seisiún tionscnaimh Thionól an Phobail sa tSiria.
- EULEX: Ceann mhisean smachta reachta an Aontais sa Chosaiv ceaptha ag an gComhairle*
Cheap an Chomhairle Antero Lopes ina cheann ar Mhisean Smachta Reachta an Aontais sa Chosaiv (EULEX Kosovo), ón 10 Lúnasa 2026 go dtí an 14 Meitheamh 2027.
- Lá Idirnáisiúnta an Cheartais Choiriúil: Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh
D’eisigh an tArdionadaí ráiteas thar ceann an Aontais ar Lá Idirnáisiúnta an Cheartais Choiriúil.
- Comhaontú idir an tAontas agus Andóra agus San Mairíne ceadaithe ag an gComhairle
Cead tugtha ag an gComhairle comhaontú an Aontais le hAndóra agus San Mairíne a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2026/1542 ón gComhairle an 3 Iúil 2026 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.
15 Iúil 2026
- Clár um nuálaíocht shofhreagrach mhear i réimse na cosanta: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú polaitiúil
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an togra chun an clár um nualaíocht shofhreagrach mhear i réimse na cosanta (AGILE) a bhunú, ionstraim nua €115 mhilliún atá ceaptha chun tacaíocht airgeadais shofhreagrach mhear spriocdhírithe a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.
- A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir leis an dréachtbhuiséad bliantúil do 2027
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir le dréachtbhuiséad an Aontais do 2027 - an buiséad bliantúil deireanach den chreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair.
- CAI 2028-2034: a seasamh caibidlíochta comhaontaithe ag an gComhairle maidir le tacaíocht an Aontais don imirce, don bhainistiú teorainneacha agus don tslándáil inmheánach
Cuideoidh tacaíocht an Aontais leis na Ballstáit an comhaontú maidir le himirce agus tearmann a chur chun feidhme, bainistiú éifeachtúil theorainneacha seachtracha an Aontais a chinntiú, agus an choireacht a chomhrac.
- Tíortha an Aontais tagtha ar chomhaontú maidir le síneadh a chur leis an gcosaint shealadach dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón Úcráin, go dtí mí an Mhárta 2028
Cuirfear síneadh leis an stádas cosanta sealadaí a thugtar dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón Úcráin go dtí an 4 Márta 2028, agus an gealltanas atá tugtha an Aontas tacú leis an Úcráin agus lena muintir a fhad is gá á gcomhlíonadh dá réir.
14 Iúil 2026
- Méadú: Chuir an Albáin agus an tAontas clabhsúr sealadach ar an gcaibidlíocht maidir le heolaíocht agus taighde, oideachas agus cultúr, agus caidreamh seachtrach
Tionóladh an naoú cruinniú den Chomhdháil Aontachais leis an Albáin inniu agus dúnadh caibidlí 25 (eolaíocht agus taighde), 26 (oideachas agus cultúr), agus 30 (caidreamh seachtrach) go sealadach.
- Méadú: tús curtha ag an Aontas agus ag an Moldóiv leis an gcaibidlíocht maidir le beartais caidrimh sheachtraigh
Ag an tríú cruinniú den Chomhdháil Aontachais, chuir an tAontas agus an Mholdóiv tús leis an gcaibidlíocht maidir le acquis an Aontais a bhaineann leis an gcaidreamh seachtrach.
- Méadú: caibidlíocht aontachais idir an tAontas agus Montainéagró maidir leis an mbeartas iomaíochta agus leis an aontas custaim dúnta
Ag an 28ú cruinniú den Chomhdháil Aontachais le Montainéagró, dúnadh go sealadach caibidil 8 maidir leis an mbeartas iomaíochta agus caibidil 29 maidir leis an aontas custaim
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2026/1364 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
- EU-Mexico: Council gives final approval to modernised trade agreement
The Council authorised the formal conclusion of the EU-Mexico Interim Trade Agreement, following the European Parliament’s consent.
- Méadú: Tús curtha ag an Aontas le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin maidir le beartais caidrimh sheachtraigh
Ag an tríú cruinniú den Chomhdháil Aontachais, chuir an tAontas agus an Úcráin tús leis an gcaibidlíocht maidir le acquis an Aontais a bhaineann leis an gcaidreamh seachtrach.
13 Iúil 2026