Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 26 Torthaí
Na cineálacha smachtbhannaí a ghlacann an tAontas
Is féidir le smachtbhannaí an Aontais a bheith dírithe ar rialtais i dtíortha nach cuid den Aontas iad, ar eintitis agus ar dhaoine aonair. Féadfaidh an tAontas bearta sriantacha a fhorchur chun rúin ó na Náisiúin Aontaithe a chur chun feidhme, smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a threisiú nó ar a thionscnamh féin.

An tSúdáin
Tá an tAontas – ó thús na cogaíochta in 2023 – ag tacú go gníomhach le hiarrachtaí idirnáisiúnta an tsíocháin agus an chobhsaíocht a bhaint amach sa tSúdáin. Is iad an tAontas agus a Bhallstáit le chéile an deontóir is mó a thugann cabhair dhaonnúil don tSúdáin.

An chaoi a gcabhraíonn an tAontas le dídeanaithe ón Úcráin
Tar éis mór-ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá roinnt céimeanna tugtha ag an Aontas chun cabhrú le dídeanaithe atá ag teitheadh ón gcogadh, lena n-áirítear trí shásra cosanta sealadaí an Aontais.

Tacaíocht dhaonnúil an Aontais do mhuintir na Palaistíne
Tá an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ar na deontóirí is mó ar domhan maidir le cabhair dhaonnúil, do mhuintir na Palaistíne san áireamh, agus é mar aidhm acu beatha daoine a shábháil, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú, agus dínit an duine a chaomhnú. Ó bhí 1992 ann, tá buiséad an Aontais ag tacú le hiarrachtaí daonnúla i mbreis agus 110 tír, rud a théann chun tairbhe na milliún duine gach bliain.

An fhreagairt chomhtháite pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR)
Tacaíonn na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna, ar a dtugtar IPCR anseo feasta (integrated political crisis response), le cinnteoireacht mhear chomhordaithe ar leibhéal polaitiúil an Aontais i dtaobh géarchéimeanna móra casta.

Seasamh an Aontais maidir leis an staid sa Mheánoirthear
Ag na cruinnithe a bhí ag an gComhairle Eorpach idir 2023 agus 2026, ghlac ceannairí an Aontais conclúidí maidir leis an staid sa Mheánoirthear. Léiríonn ábhar an leathanaigh seo na conclúidí is déanaí an 18 agus an 19 Meitheamh 2026.

Veiniséala
Is cúis imní don Aontas an staid i Veiniséala agus iarrann sé go n-urramófaí cearta an duine ina n-iomláine. Tá cabhair dhaonnúil á cur ar fáil aige chun cabhrú le muintir Veiniséala atá i ngátar agus tá smachtbhannaí glactha aige chun réitigh dhaonlathacha a spreagadh.

Cabhair dhaonnúil agus cúnamh cosanta sibhialta don Úcráin
Tá cúnamh éigeandála á thabhairt ag an Aontas don Úcráin agus dá muintir ó cuireadh tús le mór-ionradh na Rúise. Is iad an tAontas agus na 27 mBallstát is mó a thugann cabhair dhaonnúil don Úcráin.

An tSiria
Seasann an tAontas le muintir na Siria. Tacaíonn sé le haistriú síochánta cuimsitheach sa tSiria, le hurraim do chearta an duine agus le téarnamh socheacnamaíoch na tíre.

Cúnamh ón Aontas don Úcráin: slándáil fuinnimh agus bonneagar
I bhfianaise chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá an tAontas tar éis tabhairt faoi roinnt tionscnamh chun tacú le slándáil fuinnimh na hÚcráine, chomh maith le hearnálacha iompair agus nascachta na tíre.
