Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 6 Torthaí
An clár Erasmus+
An chaoi a dtacaíonn an tAontas Eorpach le hoideachas, le hoiliúint, leis an óige agus le spórt san Eoraip, clár a chuireann luachanna coiteanna na hEorpa chun cinn agus a chothaíonn lánpháirtiú sóisialta agus malartú idirchultúrtha.

Cárta míchumais Eorpach
Is fusa a bheidh sé do dhaoine faoi mhíchumas gluaiseacht gan aon bhac san Aontas. Éascófar leis an gcárta míchumais Eorpach agus cárta páirceála rochtain ar a gcearta agus ar choinníollacha fabhracha i ngach tír san Aontas.

Cearta na n-oiliúnaithe san Aontas
Tá an Chomhairle ag obair ar rialacha nua atá ceaptha chun feabhas a chur ar dhálaí oibre d’oiliúnaithe, lena gcinnteofar nach mbainfear leas astu ná nach gcaithfear go héagórach leo.

An Limistéar Eorpach Oideachais
Cothaíonn an Limistéar Eorpach Oideachais comhar i measc thíortha an Aontais i réimse an oideachais, agus é d’aidhm aige córais náisiúnta oideachais agus oiliúna atá níos athléimní agus níos cuimsithí a thógáil.

Cearta sóisialta san Aontas
Comhordaíonn an tAontas beartais i réimsí na fostaíochta agus an chuimsithe shóisialta chun tacú le cearta sóisialta i mBallstáit uile an Aontais.

Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn
Faigh amach cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta á chur chun feidhme aige tar éis Chruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus Dearbhú Porto.
