Teorainneacha agus víosaí
An tslí a gcinntíonn an tAontas Eorpach saoirse gluaiseachta agus an tslí a gcosnaíonn sé a chuid teorainneacha.
Le limistéar Schengen, féadfaidh saoránaigh an Aontais, daoine nach bhfuil ina gcónaí san Aontas agus cuairteoirí ar an Aontas taisteal gan bhac agus go sábháilte san Aontas.
Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach teorainneacha seachtracha a bhainistiú agus a chosaint chun gluaiseacht daoine atá ag teacht isteach san Aontas a dhaingniú agus a rialáil chun slándáil na hEorpa a chosaint.
Schengen
Ligeann limistéar Schengen do bhreis agus 400 milliún duine taisteal gan bhac idir na Ballstáit gan feidhm orthu dul tríd rialuithe teorann.
Ó bhí 1985 ann, tá fás tagtha ar limistéar Schengen de réir a chéile agus tá 25bhallstátanois ann, chomh maith le roinnt tíortha eile nach bhfuil san Aontas Eorpach.
Cé hiad tíortha limistéar Schengen?
Cuir an luchóg os cionn na léarscáile le fáil amach cé hiad tíortha limistéar Schengen.
Tíortha den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
- An Ostair
- An Bheilg
- An Bhulgáir
- An Chróit
- Poblacht na Seice
- An Danmhairg
- An Eastóin
- An Fhionlainn
- An Fhrainc
- An Ghearmáin
- An Ghréig
- An Ungáir
- An Iodáil
- An Laitvia
- An Liotuáin
- Lucsamburg
- Málta
- An Ísiltír
- An Pholainn
- An Phortaingéil
- An Rómáin
- An tSlóvaic
- An tSlóivéin
- An Spáinn
- An tSualainn
Tíortha nach tíortha den Aontas iad a eisíonn víosaí Schengen
- An Íoslainn
- Lichtinstéin
- An Iorua
- An Eilvéis
Tíortha den Aontas nach n-eisíonn víosaí Schengen
- An Chipir
- Éire
Víosaí chun dul isteach i limistéar Schengen
Tá ceanglais shonracha víosa ag an Aontas le haghaidh náisiúnaigh nach saoránaigh de chuid an Aontais iad. Is é víosa Schengen is coitianta, lena gceadaítear tréimhsí gearrfhanachta suas le 90 lá laistigh de limistéar Schengen.
Tá córas taistil gan víosa ag an Aontas le 61 thír nach bhfuil san Aontas, lenar féidir le daoine dul isteach i limistéar Schengen le haghaidh tréimhsí gearrfhanachta gan víosa.
Teorainneacha seachtracha
Tá bainistiú theoireannacha seachtracha an Aontais ina fhreagracht chomhroinntede chuid namBallstát uile agus de chuid an Aontais féin, institiúidí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais san áireamh.
Déanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) dlúthfhaireachán ar theorainneacha seachtracha an Aontais agus oibreoidh sí i gcomhar leis na Ballstáit chun aon bhagairtí slándála ar theorainneacha seachtracha an Aontais a aithint go gasta agus dul i ngleic leo.
Tá roinnt córas teicneolaíochta faisnéise i bhfeidhm ag an Aontas nó tá sé ag obair faoi láthair ar roinnt córas lena dtacaítear leis an obair chun saoránaigh a chosaint, an choireacht a chomhrac agus teorainneacha a dhaingniú.
An scéala is déanaí
- Comhaontú idir an tAontas agus Andóra agus San Mairíne ceadaithe ag an gComhairle
- CAI 2028-2034: a seasamh caibidlíochta comhaontaithe ag an gComhairle maidir le tacaíocht an Aontais don imirce, don bhainistiú teorainneacha agus don tslándáil inmheánach
- Tíortha an Aontais tagtha ar chomhaontú maidir le síneadh a chur leis an gcosaint shealadach dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón Úcráin, go dtí mí an Mhárta 2028
Na blaisíní breise is déanaí
Eurodac: Bunachar sonraí tearmainn agus imirce an Aontais
Córais TF chun an choireacht a chomhrac agus teorainneacha an Aontais a dhaingniú
Míniú ar Limistéar Schengen
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026