Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 447 Torthaí
Cabhair dhaonnúil
Is é an tAontas, in éineacht lena 27 mBallstát, an príomhdheontóir cabhrach daonnúla do na pobail atá thíos le tubaistí ar fud an domhain. Is é is aidhm do chúnamh an Aontais beatha daoine a shábháil, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú, agus dínit an duine a chaomhnú.

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
Tá sé de chumhacht ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) coireanna i gcoinne bhuiséad an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais.

An ceart chun táirgí a dheisiú
Tá dreasachtaí cruthaithe ag an Aontas do tháirgeoirí agus tomhaltóirí chun go mbeidh sé níos fusa agus níos tarraingtí táirgí a dheisiú, chun an dramhaíl a laghdú agus samhlacha gnó níos inbhuanaithe a chur chun cinn.

Guatamala
Is bunaithe ar an idirphlé polaitiúil, ar an gcomhar agus ar an trádáil atá an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Guatamala. Tacaíonn an tAontas le hiarrachtaí Ghuatamala an daonlathas a neartú, cearta an duine a chosaint agus an fhorbairt inbhuanaithe agus rathúnas a chur chun cinn.

Beartas spáis an Aontais
Cuidíonn clár spáis an Aontais le gníomhaíochtaí laethúla a dhéanamh ar domhan. Leis na satailítí a sheolann an tAontas Eorpach amach ar fithis, is féidir leis na milliúin cumarsáid a dhéanamh agus teicneolaíochtaí nua á n-úsáid acu, taisteal a dhéanamh ar tír, ar muir agus san aer, agus bealaí nua a fhorbairt chun sláinte an phláinéid a fheabhsú.

An tSaoráid don Úcráin
Is ionstraim de chuid an Aontais í an tSaoráid don Úcráin lena gcuirtear suas le €50 billiún d’iasachtaí agus de dheontais ar fáil don Úcráin chun cabhrú léi dul i mbun téarnaimh, atógála agus nuachóirithe.

Smachtbhannaí in aghaidh sáruithe ar chearta an duine
Is féidir leis an Aontas smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine aonair agus ar eintitis mar fhreagairt ar sháruithe ar chearta an duine ar fud an domhain.

Bainistiú an spástráchta
Tá bearta cinntitheacha á ndéanamh ag an Aontas chun spástrácht a bhainistiú chun úsáid shábháilte, inbhuanaithe agus shlán an spáis a chinntiú de réir mar a thagann méadú ar ghníomhaíocht satailíte.

Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na hIaráine
Cáineann an tAontas sáruithe ar chearta an duine san Iaráin, chomh maith le gníomhaíochtaí leata núicléach na hIaráine agus a tacaíocht mhíleata do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá roinnt smachtbhannaí glactha ag an Aontas i ndáil leis sin.

Montainéagró
Rinne Montainéagró iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí na Nollag 2008 agus tugadh stádas mar iarrthóir san Aontas di i mí na Nollag 2010. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais idir an tAontas agus Montainéagró i mí an Mheithimh 2012. Go dtí seo, osclaíodh gach ceann de na 33 chaibidil idirbheartaíochta agus dúnadh 18 gcinn díobh go sealadach.
