Na Balcáin Thiar
An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus comhpháirtithe na mBalcán Thiar.
Na comhpháirtithe i réigiún na mBalcán Thiar
Tá sé chomhpháirtí i réigiún na mBalcán Thiar: an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv*, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an tSeirbia.
Tá an tAontas tiomanta do pheirspictíocht bhallraíochta chomhpháirtithe na mBalcán Thiar san Aontas Eorpach. Tá cuid acu ar a slí chun bheith ina mBallstáit den Aontas trí phróiseas an mhéadaithe.
* Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Tacaíocht don réigiún
Is é an tAontas Eorpach an comhpháirtí is dlúithe de réigiún na mBalcán Thiar agus is é an príomhinfheisteoir, an príomh-chomhpháirtí trádála agus an príomhdheontóir ag an réigiún é.
Cuireann sé tacaíocht láidir pholaitiúil, theicniúil agus airgeadais ar fáil freisin do na comhpháirtithe chun cabhrú leo na hathchóirithe riachtanacha agus an dul chun cinn atá déanta acu ar a gconair chun an Aontais a thabhairt chun cinn.
Tionóltar cruinnithe mullaigh idir an tAontas agus comhpháirtithe na mBalcán Thiar go rialta.
An scéala is déanaí
- EULEX: Ceann mhisean smachta reachta an Aontais sa Chosaiv ceaptha ag an gComhairle*
- Méadú: Chuir an Albáin agus an tAontas clabhsúr sealadach ar an gcaibidlíocht maidir le heolaíocht agus taighde, oideachas agus cultúr, agus caidreamh seachtrach
- Méadú: caibidlíocht aontachais idir an tAontas agus Montainéagró maidir leis an mbeartas iomaíochta agus leis an aontas custaim dúnta
Na blaisíní breise is déanaí
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026