Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 447 Torthaí
An t-aistriú aeráide a mhaoiniú
Tá an tAontas tiomanta do gheilleagar ísealcharbóin, inbhuanaithe atá tíosach ar acmhainní a bhaint amach. Is é an tAontas, i gcomhar lena Bhallstáit, a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú don aeráid ar fáil ar domhan.

An tslí a gcosnaíonn an tAontas cearta maoine intleachtúla
D’fhorbair an tAontas dlíthe láidre chun cosaint a thabhairt do phaitinní, dearaí tionsclaíocha, cóipchearta agus táirgí áitiúla talmhaíochta, tionsclaíocha agus ceardaíochta.

Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn)
Conas a rannchuidíonn an tAontas Eorpach leis an athrú aeráide a chomhrac ar fud an domhain? Is iad an tAontas agus na Ballstáit na soláthraithe is mó maoinithe don aeráid ar domhan.

Uisce
Is acmhainn theoranta é an t-uisce. Le reachtaíocht an Aontais, cosnaítear acmhainní uisce agus éiceachórais, agus cinntítear go bhfuil an t-uisce óil agus an t-uisce snámha glan.

Fógraíocht pholaitiúil a rialáil
Tá ról lárnach ag an bhfógraíocht pholaitiúil i sochaithe daonlathacha. Cabhraíonn rialacha an Aontais lena chinntiú go bhfuil breis trédhearcachta, cuntasachta agus urraime ann do chearta na saoránach.

Míchumas san Aontas: fíricí agus figiúirí
Tá 107 mhilliún Eorpach faoi mhíchumas éigin. Faigh tuilleadh fíricí agus figiúirí faoi mhaireachtáil faoi mhíchumas san Aontas.

Sábháilteacht bréagán
Cinntíonn rialacha an Aontais go bhfuil na bréagáin a chuirtear ar mhargadh an Aontais ar na bréagáin is sábháilte ar domhan.

Freagairt ar ghéarchéim na himirce agus cásanna force majeure
I gcásanna géarchéime agus imthosca eisceachtúla, údaraítear do na Ballstáit maolú ar rialacha áirithe agus bearta dlúthpháirtíochta agus tacaíochta a iarraidh. Tá siad sin sonraithe sna rialacha nua.

An creat rialachais eacnamaíoch
Is colún lárnach den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta é an rialachas eacnamaíoch. Tá sé d’aidhm aige míchothromaíochtaí eacnamaíocha a bhrath agus a cheartú, ar míchothromaíochtaí iad a d’fhéadfadh geilleagair náisiúnta a lagú nó a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thíortha eile de chuid an Aontais trí iarmhairtí trasteorann.

An chaoi a n-oibríonn an córas dul isteach/imeachta
Leis an gcóras dul isteach/imeachta a seoladh an 12 Deireadh Fómhair 2025, déantar an clárú teorann do náisiúnaigh tríú tír a uathoibriú, na rialuithe a shimpliú agus an tslándáil a fheabhsú.