Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 447 Torthaí
An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha
Is é an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an chéad rialachán digiteach ar domhan a fhágann go bhfuil cuideachtaí digiteacha ar fud an Aontais freagrach as an inneachar a chuirtear in airde ar a gcuid ardán.

Cosaint chonsalach
Tá saoránaigh den Aontas i dteideal cabhair a lorg ó ambasáid nó ó chonsalacht aon Bhallstáit den Aontas i dtír nach bhfuil san Aontas mura bhfuil ionadaíocht taidhleoireachta ag a mBallstát féin inti.

An Chosaint Shibhialta san Aontas
Is féidir le haon tír ar domhan cúnamh a iarraidh tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta nuair a sháraíonn éigeandáil a gcumas freagartha i gcás tubaistí.

An chaoi a ndéanann an tAontas ábhar díobhálach ar líne a chomhrac
Tá sé mar aidhm ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha idirlíon níos sábháilte agus níos trédhearcaí a chruthú. Trí ardáin ar líne a dhéanamh cuntasach as an mbealach a ndéanann siad ábhar a bhainistiú agus a mhodhnú, cuidíonn an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha le scaipeadh ábhair dhíobhálaigh ar líne a chomhrac.

Neamh-idirdhealú
Oibríonn an tAontas chun comhionannas a chur chun cinn agus idirdhealú sa tsochaí a chosc trína bheartais agus trína thionscnaimh.

Ópóidigh: bagairt nua drugaí don Eoraip
Is dúshlán domhanda é an méadú ar mhonarú agus ar úsáid ópóideach sintéiseach a chothaíonn andúil an-chumhachtach. Tá an tAontas ag gníomhú chun an cruatan domhanda sin ar an tsochaí a mhaolú.

I dtreo slabhra soláthair ceallraí Eorpach atá inbhuanaithe agus ciorclach
Tá an tAontas ag obair i dtreo slabhra luacha ceallraí atá inbhuanaithe, ciorclach agus Eorpach. Leis na comhrialacha nua cuirfear le buntáiste iomaíoch an Aontais sna margaí ceallraí inbhuanaithe.

Sásraí lena ndéantar an smacht reachta a chomhlíonadh
Ceapadh bosca uirlisí an Aontais maidir leis an smacht reachta chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil an smacht reachta faoi bhagairt nó ag dul in olcas, de dheasca sáruithe sistéamacha nó teagmhais níos leithlisí.

Foraoisí: fíricí agus figiúirí
Is iomaí buntáiste do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann le foraoisí, ach tá siad faoi bhrú mór atá ag méadú i gcónaí. Tacaíonn roinnt tionscnamh agus dlíthe de chuid an Aontais le foraoisí, san Aontas Eorpach agus ar fud na cruinne.

Sreabha imirce ar bhealaí an Iarthair
Tá roinnt beart déanta ag an Aontas agus a Bhallstáit chun aghaidh a thabhairt ar an imirce i mbealaí na Meánmhara Thiar agus na hAfraice Thiar.
