Skip to content

An tsoghluaisteacht mhíleata san Aontas a neartú

Tá dlús á chur ag an Aontas lena iarrachtaí deireadh a chur leis na bacainní rialála, bonneagair agus cumais a chuireann bac ar ghluaiseachtaí míleata trasteorann mar fhreagairt ar bhagairtí agus dúshláin thromchúiseacha slándála. Cuideoidh sé sin freisin le dlús a chur le hullmhacht cosanta an Aontais.

Pacáiste 2025 maidir le soghluaisteacht mhíleata

I mí na Samhna 2025, thíolaic an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála pacáiste nua soghluaisteachta míleata de chuid an Aontais, ina bhfuil togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear creat beart chun iompar míleata a éascú ar fud an Aontais agus teachtaireacht chomhpháirteach.

Is é an aidhm atá ann feabhas a chur ar chumas na mBallstát a bhfórsaí armtha a bhogadh go rianúil, ar luas agus ar scála ar fud an Aontais agus lasmuigh de.

Tá bearta sa phacáiste chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • nósanna imeachta ceada a chomhchuibhiú agus bacainní rialála a laghdú tríd an digiteáil
  • córas freagartha feabhsaithe Eorpach do shoghluaisteacht mhíleata (EMMERS) a bhunú le haghaidh iompar míleata ar mhórscála agus brostaithe in imthosca eisceachtúla
  • bonneagar iompair dé-úsáide a uasghrádú agus cosaint an bhonneagair atá ríthábhachtach d’iompar míleata a neartú
  • feabhas a chur ar infhaighteacht cumas iompair trí ‘chomhthiomsú dlúthpháirtíochta soghluaisteachta míleata
  • comhordú maidir le soghluaisteacht mhíleata a neartú, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta

An 17 Meitheamh 2026, tháinig ionadaithe na mBallstát ar chomhaontú maidir le sainordú na Comhairle don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an rialachán maidir le soghluaisteacht mhíleata. Tá an Chomhairle dírithe ar sholúbthacht a fheabhsú do na Ballstáit, ar fhorálacha a chuíchóiriú chun a chinntiú gur féidir leis na fórsaí armtha iad a chur chun feidhme go héifeachtach, agus ar shaineolas míleata a ionchorprú.

Sna conclúidí a ghlac an Chomhairle Eorpach an 18 agus an 19 Meitheamh, d’iarr ceannairí an Aontais ar na comhreachtóirí teacht ar chomhaontú maidir leis an togra maidir le soghluaisteacht mhíleata faoi dheireadh 2026.

Soghluaisteacht mhíleata faoi lán seoil

Ó 2021 i leith, tá infheistíochtaí nithiúla bonneagair déanta ag an Aontas dá uaillmhianta soghluaisteachta míleata.

Le buiséad €1.74 billiún, mhaoinigh an tsaoráid um nascadh na hEorpa 2021-2027 tionscadail chun líonraí iompair atá ann cheana a oiriúnú chun freastal ar riachtanais shibhialta agus mhíleata araon. Cinntíonn sé sin gur féidir le bóithre, iarnróid, calafoirt agus aerfoirt ar fud na mór-roinne déileáil le héilimh na lóistíochta míleata nua-aimseartha.

Chuir fogha iomlán na Rúise faoin Úcráin i mí Feabhra 2022 leis an bpráinn a bhaineann leis an obair sin. D’fhreagair na Ballstáit trí dhlús a chur leis an bpróiseas infheistíochta, agus an buiséad iomlán á leithdháileadh trí thrí ghlao ar thograí idir 2021 agus 2023.

Go dtí seo, tá 95 thionscadal ar fud 21 Bhallstát cómhaoinithe ag clár soghluaisteachta míleata an Aontais.

Tugann na tionscadail a cistíodh aghaidh ar scrogaill chriticiúla ar fud na modhanna iompair uile. I measc na bpríomhréimsí a bhfuil infheistíocht dírithe orthu tá:

  • droichid nach bhfuil in ann tacú le feithiclí míleata troma, rud a éilíonn uasghráduithe ar thoilleadh meáchain
  • neamh-chomhoiriúnachtaí leithead iarnróid ag teorainneacha
  • calafoirt agus aerfoirt nach bhfuil saoráidí de ghrád míleata acu
  • deighleoga bóthair nach bhfuil airde glanspáis leordhóthanach acu le haghaidh lasta míleata rómhór

An fáth a bhfuil tábhacht leis an tsoghluaisteacht mhíleata

Is bunchloch í an tsoghluaisteacht mhíleata d’iarrachtaí an Aontais Eorpaigh ullmhacht cosanta agus slándáil chomhchoiteann a neartú. Is é cumas na bhfórsaí armtha agus a dtrealamh gluaiseacht go tapa, go sábháilte agus gan uaim ar fud chríoch an Aontais.

Sainaithníodh an tsoghluaisteacht mhíleata mar chumas tosaíochta i bPáipéar Bán 2025 maidir le Cosaint na hEorpa — Ullmhacht 2030. Leagtar amach sa pháipéar bán cur chuige nua an Aontais maidir le saincheisteanna tionsclaíocha cosanta, lena sainaithnítear riachtanais infheistíochta agus lena mbunaítear cuspóirí chun ullmhacht cosanta fhadtéarmach na hEorpa a .

Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025, shainaithin na cinn stáit nó rialtais an tsoghluaisteacht mhíleata mar réimse tosaíochta le haghaidh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

Tá soghluaisteacht mhíleata éifeachtach mar bhonn agus mar thaca ag cumas an Aontais bagairtí a dhíspreagadh, freagairt go tapa ar ghéarchéimeanna, an tAontas a choinneáil slán agus a shaoránaigh a chosaint. Trína chur ar chumas fórsaí agus trealaimh gluaiseacht thar theorainneacha níos tapúla, neartaíonn sé freisin an comhar le comhpháirtithe agus tacaíonn sé le cuspóirí slándála agus cosanta níos leithne an Aontais.

Féach freisin

Ullmhacht cosanta na hEorpa

Ullmhacht cosanta na hEorpa

Roinnt biorán suímh curtha isteach ar léarscáil den Eoraip, bealaí taistil casta idir na bioráin mar aon le heitleán, traein agus bád farantóireachta forshuite ag imeall na híomhá.
Iompar atá nasctha ar bhealach níos fearr

Iompar atá nasctha ar bhealach níos fearr

Beirt suite ag deasc agus scáileáin ríomhaire os a gcomhair ar a bhfuil léirshamhlú de shonraí éagsúla.
Cistiú ón Aontas don chosaint

Cistiú ón Aontas don chosaint

An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Iúil 2026