Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
5 Eanáir 2026
- An tUachtarán Costa ag tabhairt a aghaidh ar Pháras, ar an Niocóis agus ar an Meánoirthear
Idir an 6 agus an 9 Eanáir 2026, tabharfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, cuairt ar Pháras, ar an Niocóis agus ar an Meánoirthear.
- Weekly schedule of President António Costa
Weekly schedule of President António Costa, 5 January - 11 January 2026.
30 Nollaig 2025
- An Iaráin: Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le cosantóirí chearta an duine a bheith á ngabháil agus á gcoinneáil
Chuir an tAontas Eorpach in iúl gur cúis mhór imní dó go ndearnadh cosantóirí chearta an duine a ghabháil agus a choinneáil agus iarrann sé ar údaráis na hIaráine gach duine atá á choinneáil go héagórach as a gcearta bunúsacha a fheidhmiú – an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse comhthionóil san áireamh – a scaoileadh saor.
- Weekly schedule of President António Costa
Weekly schedule of President António Costa, 22 December 2025 - 4 January 2026.
22 Nollaig 2025
- Sáruithe ar chearta an duine sa Rúis: smachtbhannaí curtha ag an Aontas ar bheirt bhreise
D’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha ar bheirt eile atá freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Rúis.
- Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: síneadh curtha ag an gComhairle le smachtbhannaí eacnamaíocha go ceann 6 mhí eile
Chuir an Chomhairle síneadh 6 mhí eile le bearta sriantacha an Aontais, go dtí an 31 Iúil 2026, i bhfianaise ghníomhaíochtaí leanúnacha Chónaidhm na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/2436 ón gComhairle an 1 Nollaig 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh 2025/2507 (CBES) ón gComhairle an 8 Nollaig 2025 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
- Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine
Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/2469 ón gComhairle an 4 Nollaig 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine.
19 Nollaig 2025
- SAFE: comhaontú maidir le rannpháirtíocht Cheanada formhuinithe ag na Ballstáit
D’fhormhuinigh an Chomhairle an comhaontú maidir le rannpháirtíocht Cheanada in SAFE chun a gcomhar comhpháirteach cosanta a neartú a thuilleadh.
- Airgeadra aonair: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir leis an euro digiteach agus maidir le ról an airgid thirim a neartú
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú inniu maidir lena seasamh caibidlíochta i ndáil le tograí tábhachtacha chun airgeadra an euro a neartú agus, ar an gcaoi sin, uathriail straitéiseach, slándáil eacnamaíoch agus athléimneacht an Aontais a fheabhsú.
- An t-aontas coigiltis agus infheistíochta: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le margadh urrúsúcháin an Aontais a athbheochan
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh i ndáil le creat urrúsaithe an Aontais a athbheochan, chun tacú le hiomaíochas an Aontais.
- CAI: sainordú páirteach glactha ag an gComhairle i ndáil leis an rialachán maidir le clár um an margadh aonair agus um chustam
Ghlac an Chomhairle comhaontú le haghaidh sainordú páirteach caibidlíochta i ndáil leis an rialachán atá beartaithe maidir le clár um an margadh aonair agus um chustam, ar cuid den chéad CAI eile é.
- A ndúirt an tUachtarán António Costa ag an bpreasagallamh tar éis an chruinnithe den Chomhairle Eorpach an 18-19 Nollaig 2025
Le linn an phreasagallaimh ag deireadh an chruinnithe den Chomhairle Eorpach an 18-19 Nollaig 2025, chuir an tUachtarán António Costa príomhthorthaí an phlé i láthair.
- An Chomhairle Eorpach, an 18 Nollaig 2025, an Úcráin
Phléigh an Chomhairle Eorpach a bhfuil tarlaithe le déanaí a mhéid a bhaineann leis an Úcráin.
- Conclúidí ón gComhairle, an 18 Nollaig 2025
An 18 Nollaig, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an Úcráin, an Meánoirthear, cosaint agus slándáil na hEorpa, an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, méadú agus athchóirithe, an imirce, an gheo-eacnamaíocht, an t‑iomaíochas agus ábhair eile.
18 Nollaig 2025
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an Meánoirthear, cosaint agus slándáil na hEorpa, an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, méadú agus athchóirithe, an imirce, agus ábhair eile
An 18 Nollaig, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an Meánoirthear, cosaint agus slándáil na hEorpa, an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, méadú agus athchóirithe, an imirce, agus ábhair eile.
- Tosaíochtaí do 2026 sainithe ag institiúidí an Aontais
Shínigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Dearbhú Comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2026.
- An dífhoraoisiú: deireadh curtha ag an gComhairle le hathbhreithniú spriocdhírithe chun an Rialachán a shimpliú agus a chur siar
Ghlac an Chomhairle go foirmiúil an t-athbhreithniú spriocdhírithe chun Rialachán an Aontais maidir le dífhoraoisiú a shimpliú agus maidir lena chur i bhfeidhm a chur siar chun cur chun feidhme éifeachtach a chinntiú.
- Simpliú an Chomhbheartais Talmhaíochta formheasta ag an gComhairle
Simpliú an Chomhbheartais Talmhaíochta formheasta ag an gComhairle.