Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
18 Nollaig 2025
- Beartas tearmainn: An Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú maidir le liosta an Aontais de thíortha sábháilte tionscnaimh
Tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le dlí de chuid an Aontais lena mbunaítear liosta de thíortha sábháilte tionscnaimh.
- Bearta glactha ag an gComhairle chun infheistíochtaí sa chosaint a dhreasú agus a shimpliú san Aontas
Bearta glactha ag an gComhairle chun infheistíochtaí sa chosaint a dhreasú agus a shimpliú san Aontas.
- Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: Smachtbhannaí forchurtha ag an gComhairle ar 41 shoitheach de scáthchabhlach na Rúise
D’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha ar 41 shoitheach bhreise atá mar chuid de ‘scáthchabhlach’ tancaer ola na Rúise agus a chuireann le hioncam fuinnimh na Rúise.
- A ndúirt an tUachtarán António Costa roimh an gcruinniú den Chomhairle Eorpach an 18-19 Nollaig 2025
Sular cuireadh tús leis an gcruinniú den Chomhairle Eorpach an 18-19 Nollaig 2025, labhair Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, leis na meáin sa Bhruiséil.
- An straitéis infheistíochta miondíol: An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le pacáiste chun tomhaltóirí a chumhachtú agus borradh a chur faoi na margaí ag an am céanna
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le creat infheistíochta miondíola nuashonraithe chun tomhaltóirí a chumhachtú agus a chosaint agus infheistíocht á déanamh acu. Cuideoidh sé freisin le muinín a chothú agus le hiomaíochas a mhéadú i margaí airgeadais an Aontais.
- Tríú tír shábháilte: An Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú maidir le dlí nua de chuid an Aontais lena gcuirtear srian ar inghlacthacht iarratas ar thearmann
Tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach i ndáil le rialachán maidir le coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm.
17 Nollaig 2025
- Statement by President António Costa following the EU-Western Balkans summit
President of the European Council António Costa presented the main results of the discussions of the leaders during the EU-Western Balkans summit held in Brussels on 17 December 2025.
- AE-Mercosur: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le rialacha chun earnáil agraibhia an Aontais a chosaint
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach i ndáil leis an rialachán maidir le clásail choimirce idir an tAontas agus Mercosur, lena n-áirítear gníomhaíocht thapa láidir chun feirmeoirí an Aontais a chosaint.
- Dearbhú na Bruiséile, 17 Nollaig 2025
Is sa Bhruiséil a tionóladh an cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 17 Nollaig 2025. Eisíodh Dearbhú na Bruiséile.
16 Nollaig 2025
- Comhshaol na hEorpa: é molta go láidir ag an gComhairle go gcuirfí dlús leis an aistriú ar mhaithe le hEoraip a bheidh athléimneach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach faoi 2030
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Comhshaol na hEorpa 2030, ina n-iarrtar go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach shistéamach ar mhaithe le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus ar mhaithe le geilleagar ciorclach chun spriocanna an Aontais a bhaint amach.
- Clabhsúr sealadach curtha ag an Aontas agus Montainéagró ar chúig chaibidil eile sa chaibidlíocht aontachais
Ag an 24ú cruinniú den Chomhdháil Aontachais le Montainéagró, cuireadh clabhsúr sealadach ar chaibidil 3 maidir leis an gceart bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, ar chaibidil 4 maidir le saorghluaiseacht chaipitil, ar chaibidil 6 maidir le dlí na gcuideachtaí, ar chaibidil 11 maidir le talmhaíocht agus forbairt tuaithe agus ar chaibidil 13 maidir le hiascach.
15 Nollaig 2025
- Leaders’ statement on Ukraine
Leaders met to discuss Ukraine in Berlin (Germany) on 15 December 2025.
- An naoú Comhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Liobáin (an Bhruiséil, an 15 Nollaig 2025) — Preaseisiúint Chomhpháirteach
Thionóil an tAontas Eorpach agus an Liobáin an naoú cruinniú den Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Liobáin sa Bhruiséil. D'fhéach siad ar staid an chaidrimh idir an tAontas agus an Liobáin agus d’athdhearbhaigh siad go raibh siad tiomanta feabhas a chur ar an gcomhpháirtíocht dhéthaobhach faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhlachais agus na dtosaíochtaí comhpháirtíochta.
- Háítí: triúr daoine aonair agus eintiteas amháin liostaithe ag an gComhairle maidir le foréigean droinge agus sáruithe gaolmhara ar chearta an duine
Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha breise i gcoinne triúr daoine aonair agus eintiteas amháin atá i mbun foréigean droinge, atá freagrach as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an tslándáil i mbaol i Háítí.
- Bagairtí hibrideacha na Rúise: Smachtbhannaí forchurtha ag an gComhairle ar dhá dhuine dhéag agus ar dhá eintiteas maidir le hionramháil ar fhaisnéis agus cibirionsaithe
Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne dáréag duine aonair agus dhá eintiteas eile i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát agus a chomhpháirtithe.
- Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: Smachtbhannaí forchurtha ag an gComhairle ar naonúr a chumasaíonn an scáthchabhlach
Chuir an Chomhairle smachtbhannaí ar cúigear daoine aonair agus ar cheithre eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
- An Bhealarúis: raon feidhme an chórais smachtbhannaí leathnaithe ag an gComhairle chun gníomhaíochtaí hibrideacha i gcoinne Bhallstáit an Aontais a chumhdach
Thug an Chomhairle critéar breise isteach maidir le daoine, eintitis nó comhlachtaí a liostú atá bainteach le gníomhaíochtaí atá inchurtha i leith Rialtas Phoblacht na Bealarúise nó a éascaíonn na gníomhaíochtaí sin, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht, de cheannasacht nó de shlándáil an Aontais nó ar bagairt iad ar an méid sin, i bhfianaise na n-ionsaithe hibrideacha a rinneadh le déanaí i gcoinne na Liotuáine agus Ballstáit eile de chuid an Aontais.
- CAI: Sainordú páirteach glactha ag an gComhairle maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE III)
Tháinig an Chomhairle ar sheasamh caibidlíochta páirteach maidir le Saoráid um Chónascadh na hEorpa 2028-2034, faoin gcéad CAI eile, chun infheistíochtaí i mbonneagar straitéiseach na hEorpa maidir le hiompar agus fuinneamh a neartú.
- Veiniséala: Síneadh bliana curtha ag an gComhairle leis na bearta sriantacha
Chinn an Chomhairle bearta sriantacha a athnuachan i bhfianaise na staide i Veiniséala go dtí an 10 Eanáir 2027.
13 Nollaig 2025