Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
20 Deireadh Fómhair 2025
- An tSúdáin: conclúidí formheasta ag an gComhairle maidir leis an gcoinbhleacht leanúnach
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an tSúdáin, ina gcuirtear in iúl gur cúis mhór imní di an choinbhleacht leanúnach, na sáruithe agus na mí-úsáidí líomhnaithe ar chearta an duine, agus an ilroinnt atá ag dul i méid.
- Straitéis an Aontais maidir le Comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach: conclúidí formheasta ag an gComhairle
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le cur chun feidhme Straitéis an Aontais maidir le Comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, arb é is aidhm di leanúint de fhócas straitéiseach, láithreacht, infheictheacht agus gníomhaíochtaí an Aontais sa réigiún agus iad a fheabhsú a thuilleadh.
- Clár oibre straitéiseach nua idir an tAontas agus an India: conclúidí formheasta ag an gComhairle
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an gclár oibre straitéiseach nua idir an tAontas agus an India, agus béim á leagan aici ar an gcaoi a gcuirfidh comhar feabhsaithe polaitiúil, trádála, eacnamaíoch, taighde agus nuálaíochta, agus slándála idir an tAontas agus an India borradh faoi rath agus cobhsaíocht a bhaint amach don dá phobal.
- A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le rialacha chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis ón Rúis faoi REPowerEU
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir le rialachán REPowerEU chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis na Rúise; is é is aidhm leis sin deireadh a chur le haon spleáchas ar ghás na Rúise agus slándáil fuinnimh an Aontais a neartú.
- Preaseisiúint Chomhpháirteach — an 4ú Comhairle um Chomhar idir an tAontas agus an Iaráic
Preaseisiúint Chomhpháirteach — an 4ú Comhairle um Chomhar idir an tAontas agus an Iaráic.
17 Deireadh Fómhair 2025
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/1972 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/1973 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua.
- Weekly schedule of President António Costa
Weekly schedule of President António Costa, 20 – 25 October 2025.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/1978 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine.
- An chéad chruinniú mullaigh riamh idir an tAontas agus an Éigipt le bheith ar siúl sa Bhruiséil an 22 Deireadh Fómhair
Déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, in éineacht le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ionadaíocht thar ceann an Aontais ag an gcéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Éigipt a bheidh ar siúl sa Bhruiséil an 22 Deireadh Fómhair 2025. Déanfaidh an tUachtarán Abdul Fattah al-Sisi ionadaíocht thar ceann na hÉigipte.
- An foréigean in aghaidh na mban agus an foréigean teaghlaigh: Iarrta ag airí comhionannais an Aontais go ndíreofaí níos mó ar chosc, ar luathbhrath agus ar idirghabháil
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí ina n-aithnítear an ról atá ag daoine a fheiceann an foréigean nó a bhfuil a fhios acu faoi agus ag gairmithe maidir le tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh agus timthriall an fhoréigin a bhriseadh.
16 Deireadh Fómhair 2025
- Clár um Thionscal Cosanta na hEorpa: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach
Tháinig idirbheartaithe Uachtaránacht na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an gClár um Thionscal Cosanta na hEorpa lena gcuirtear dlús le hullmhacht cosanta an Aontais agus lena neartaítear comhar cosanta agus slándála na hEorpa.
- "Europe’s economy remains resilient despite rising global trade tensions" – Eurogroup President Donohoe's report to the President of the Euro Summit
The President of the Eurogroup, Paschal Donohoe, sent a letter to the President of the Euro Summit, António Costa, to report on the recent work by the Eurogroup and upcoming work priorities.
15 Deireadh Fómhair 2025
14 Deireadh Fómhair 2025
13 Deireadh Fómhair 2025
- Statement by President António Costa following his participation in the Sharm El-Sheikh Summit
European Council President António Costa participated in the Summit for Peace held in Sharm El-Sheikh Summit (Egypt) on 13 October 2025.
- Airm Cheimiceacha: bearta sriantacha athnuaite ag an gComhairle go ceann bliana
Chuir an Chomhairle síneadh leis na smachtbhannaí i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2026.
- Comhairle Eorpach an 23 Deireadh Fómhair - Cuireadh ón Uachtarán António Costa do chomhaltaí na Comhairle Eorpaí
Thug Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, cuireadh do na ceannairí chuig cruinniú an 23 Deireadh Fómhair 2025 sa Bhruiséil, cruinniú ina bpléifidh siad an Úcráin, an Meánoirthear, cosaint agus slándáil na hEorpa, an t-iomaíochas agus an dá aistriú, an tithíocht agus an imirce.
- An chibearchoireacht a chomhrac: Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le cibearchoireacht le síniú ag an Aontas
Ghlac an Chomhairle cinneadh chun go síneoidh an tAontas agus a Bhallstáit Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta.
- Rialacha nua glactha ag an gComhairle chun bréagáin leanaí a dhéanamh níos sábháilte
Formheasann an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh i ndáil leis an rialachán maidir le sábháilteacht bréagán.