Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
6 Deireadh Fómhair 2025
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh leis an gCinneadh ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine-Bissau
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/1935 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh 2012/285/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine-Bissau.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh leis an gCinneadh ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/1941 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1763 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/1932 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine.
3 Deireadh Fómhair 2025
2 Deireadh Fómhair 2025
- Iosrael/an Phalaistín: Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le Gaza
D’eisigh an tAontas ráiteas inar cuireadh in iúl go dtacaíonn sé le prionsabail phlean an Uachtaráin Trump chun deireadh a chur leis an gcogadh in Gaza agus gur díol sásaimh dó iad, agus tathantaíonn sé ar na páirtithe uile glacadh leis agus é a chur chun feidhme.
- Speech by President António Costa at the opening of the meeting of the European Political Community in Copenhagen
President of the European Council António Costa delivered a speech at the opening session of the meeting of the European Political Community in Copenhagen on 2 October 2025.
1 Deireadh Fómhair 2025
- A ndúirt an tUachtarán António Costa ag an bpreasagallamh tar éis chruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais an 1 Deireadh Fómhair 2025
Le linn an phreasagallaimh a tionóladh ag deireadh chruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais an 1 Deireadh Fómhair 2025 i gCóbanhávan, chuir an tUachtarán António Costa príomhthorthaí an phlé i láthair.
- A ndúirt an tUachtarán António Costa ag an ráiteas tairsí roimh chruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais an 1 Deireadh Fómhair 2025
Roimh thús chruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais an 1 Deireadh Fómhair 2025, labhair Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, leis an bpreas i gCóbanhávan.
30 Meán Fómhair 2025
- Press remarks by President António Costa at the press conference following the meeting with the Mayors for Housing Alliance
European Council President António Costa met with the Mayors for Housing Alliance in Brussels, followed by a press conference.
- Presentation of letters of credence to the President of the European Council António Costa and the President of the European Commission Ursula von der Leyen
President Costa and President von der Leyen received letters of credence from the Ambassadors of Iceland and Israel.
- É iarrtha ag an gComhairle go mbeadh an tAontas ina cheann feadhna ar na heolaíochtaí beatha
Conclúidí formheasta ag an gComhairle maidir le heolaíocht na beatha ar mhaithe le hiomaíochas an Aontais.
- Tacaíocht tugtha ag an gComhairle don taighde agus don nuálaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú
Conclúidí maidir leis an tábhacht a bhaineann le taighde agus nuálaíocht le haghaidh ‘Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú’ formheasta ag an gComhairle.
29 Meán Fómhair 2025
- Poblacht na Moldóive: Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis na toghcháin pharlaiminteacha
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir leis na toghcháin pharlaiminteacha sa Mholdóiv a bhí ar siúl an 28 Meán Fómhair 2025.
- Speech by President António Costa at the New Economy Forum
On 29 September 2025, European Council President António Costa was in Madrid at the New Economy Forum to give a speech after receiving the Forum Europa Prize from the King of Spain.
- Nicearagua: síneadh curtha ag an gComhairle leis na bearta sriantacha go ceann bliain eile
Chuir an Chomhairle síneadh bliana leis an gcóras smachtbhannaí, i bhfianaise na staide polaitiúla agus sóisialta i Nicearagua.
- Sonraí níos fearr ón Aontas maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht: Rialacha nua ceadaithe ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle rialachán lena gcuirfear feabhas ar cháilíocht fhoriomlán an staidrimh daonra agus tithíochta a bhailítear ar leibhéal an Aontais trí chomhchreat dlíthiúil a bhunú maidir le bailiú sonraí.
- SCCT: simpliú ar ionstraim sceite carbóin an Aontais formheasta ag an gComhairle
Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT): Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach maidir leis an sásra a shimpliú.
- Rialacha nua glactha ag an gComhairle maidir le hithreacha níos sláintiúla agus níos athléimní san Eoraip
Ghlac an Chomhairle an dlí maidir le faireachán ithreach chun sláinte ithreach a rianú, láithreáin éillithe a bhainistiú agus tógáil talún a mhaolú, arb é is aidhm dó ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050.
- Smachtbhannaí i gcoinne na hIaráine (frithghníomh): Bearta sriantacha ath-fhorchurtha ag an gComhairle
D’fhorchuir an Chomhairle arís na bearta sriantacha uile i gcoinne na hIaráine a cuireadh i leataobh tar éis thabhairt isteach an Phlean Chuimsithigh Chomhpháirtigh Gníomhaíochta i mí Iúil 2015 i bhfianaise an chinnidh ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe gan síneadh a chur le deireadh na smachtbhannaí ar an Iaráin mar gheall ar an sásra maolaithe a d’agair E3.
27 Meán Fómhair 2025