Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 447 Torthaí
Beartas sláinte an Aontais
Cuidíonn an tAontas leis an tsláinte phoiblí a fheabhsú trí chistiú agus reachtaíocht a chur ar fáil chun dul i ngleic le bagairtí sláinte trasteorann, cógais leighis, cearta othar i gcúram sláinte trasteorann, galair a chosc agus dea-shláinte a chur chun cinn.

Trédhearcacht pá san Aontas Eorpach
Is mian leis an Aontas prionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann idir fir agus mná a neartú trí rialacha nua de chuid an Aontais maidir le trédhearcacht pá.

Iompar níos sábháilte
Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na réigiúin is sábháilte ar domhan ó thaobh iompair de. Oibríonn an tAontas chun sábháilteacht iompair a chinntiú trí mheascán de reachtaíocht, maoiniú, comhordú agus saineolas teicniúil.

Iompar muirí
Faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas chun an t-iompar muirí a dhéanamh níos iomaíche, níos glaise agus níos sábháilte.

Cá as a dtagann ola an Aontais?
Faigh amach cá mhéad ola atá á hallmhairiú ag an Aontas, cé na tíortha atá ina bpríomh-chomhpháirtithe trádála ag an Aontas agus cé na hearnálacha a úsáideann an chuid is mó den ola san Aontas.

Tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)
Is iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cnámh droma thionscadail agus gheilleagar an Aontais. Tá bearta á gcur i bhfeidhm ag an Aontas chun tacú le FBManna, i bhfianaise a thábhachtaí atá siad san aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe digiteach.

Taisteal láneagraithe
Tá sraith rialacha agus ceart leagtha síos ag an Aontas chun a chinntiú go gcosnófar taistealaithe a cheannaíonn pacáistí taistil roimh a dturas agus lena linn.

Sábháilteacht táirgí agus faireachas margaidh
Tá sé d’aidhm ag an Aontas a chinntiú nach gcuirfear ach táirgí sábháilte ar an margadh Eorpach agus gur féidir táirgí a bhfuil riosca ag baint leo a bhaint go tapa.

An tAontas Custaim
Le haontas custaim an Aontais, cruthaítear limistéar taraife aonair le haghaidh na n-earraí uile a allmhairítear ó thíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad, rud a fhágann gur féidir na hearraí a bhogadh faoi shaoirse idir na Ballstáit agus nach gá iad a chur tríd an gcustam.

Excise duties in the EU
EU legislation provides a common framework to ensure that excise duties are applied consistently across the Union. Member states introduce and collect excise duties individually.
