Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 447 Torthaí
Saoirse na meán san Aontas Eorpach
Is cuid ríthábhachtach den daonlathas agus de chearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais iad saoirse agus iolrachas na meán. Faigh tuilleadh eolais faoin obair ar an réimse seo.

Cánachas digiteach
Ach rialacha cánach don gheilleagar digiteach atá bunaithe ar phrionsabail an dea-rialachais cánach a bheith ann, féadfar cuidiú leis an bhfás a chur chun cinn agus, i measc tairbhí eile, leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a bhaint amach.

An euro: fíricí agus figiúirí
Is é an euro airgeadra oifigiúil 21 Bhallstát de chuid an Aontais, arb ionann iad le chéile agus an limistéar euro. Baineann os cionn 350 milliún saoránach den Aontas úsáid as an euro gach lá.

Smachtbhannaí i gcoinne Mhaenmar
Tar éis coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus an chos ar bolg mhíleata agus phóilíneachta a rinneadh ina dhiaidh sin i gcoinne léirsitheoirí síochánta, mhéadaigh an tAontas na smachtbhannaí i gcoinne Mhaenmar go mór.

Cúnamh ón Aontas don Úcráin: slándáil fuinnimh agus bonneagar
I bhfianaise chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá an tAontas tar éis tabhairt faoi roinnt tionscnamh chun tacú le slándáil fuinnimh na hÚcráine, chomh maith le hearnálacha iompair agus nascachta na tíre.

Mar atá an fuinneamh glas á bhaint amach ag an Aontas
Níl aon dul as, chun an t-athrú aeráide a chomhrac, ní mór dul i dtreo an fhuinnimh ghlain; is deis a bheidh ann freisin an neamhspleáchas fuinnimh a mhéadú.

Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh
Tá rún ag an Aontas údarás nua custaim a bhunú, údarás darb aidhm an comhar idir na húdaráis chustaim náisiúnta a neartú agus tacú le feidhmiú éifeachtach an aontais custaim.

An t-airgeadas digiteach
Tá teicneolaíochtaí nua sa bhaincéireacht agus íocaíochtaí ag athrú tionscal na seirbhísí airgeadais. Trí bhorradh a chur faoin nuálaíocht, tá earnáil iomaíoch airgeadais á cruthú ag an Aontas agus, ag an am céanna, tá rialacha á mbunú aige lena gcinnteofar cobhsaíocht airgeadais agus cosaint tomhaltóirí.

Misin agus oibríochtaí idir shibhialtach agus mhíleata
Cuireann an Comhbheartas Slándála agus Cosanta ar chumas an Aontais misin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata a imscaradh lasmuigh den Aontas, agus leas á bhaint as acmhainní oibríochtúla Bhallstáit an Aontais.

An bhearna phá idir na hinscní san Aontas: fíricí agus figiúirí
Tá go leor ban san Aontas a thuilleann níos lú pá ná fir fós as an bpost céanna a dhéanamh. Cabhraíonn trédhearcacht pá níos fearr agus forfheidhmiú níos láidre deireadh a chur leis an mbearna phá idir na hinscní.
