Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
9 Nollaig 2025
- Comhairle Eorpach an 18 agus an 19 Nollaig - Cuireadh ón Uachtarán António Costa do chomhaltaí na Comhairle Eorpaí
Thug Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, cuireadh do na ceannairí chuig cruinniú an 18 agus an 19 Nollaig 2025 sa Bhruiséil, ina bpléifidh siad an Úcráin, an Meánoirthear, an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile, méadú an Aontais, an imirce, agus an gheo‑eacnamaíocht agus an t-iomaíochas.
- An intleacht shaorga: A seasamh glactha ag an gComhairle maidir leis an rialachán nuashonraithe chun gigeamhonarchana IS a chruthú
A seasamh caibidlíochta glactha ag an gComhairle maidir leis na leasuithe ar an rialachán EuroHPC.
- An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta agus díchill chuí a shimpliú agus chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais
an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach maidir le ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta agus díchill chuí.
8 Nollaig 2025
- An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach chun borradh a chur faoi cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise agus chun tacú le nuálaíocht in earnáil síolta an Aontais
Tá an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar infhaighteacht an ábhair atáirgthe foraoise.
- Comhairle tagtha ar chomhaontú i ndáil le dlí an Aontais maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh
Tháinig an Chomhairle ar a seasamh i ndáil le rialachán maidir le comhchóras Eorpach um fhilleadh.
- An Imirce agus tearmann: Na Ballstáit tagtha ar chomhaontú maidir leis an gcomhthiomsú dlúthpháirtíochta
Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú polaitiúil maidir le cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an comhthiomsú dlúthpháirtíochta bliantúil do 2026.
- Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach: formheas deiridh tugtha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach chun borradh a chur faoi ullmhacht cosanta an Aontais, chun tionscal cosanta na hEorpa a neartú agus chun a chinntiú gur fearr a bheidh an tAontas in ann gníomhú agus dul i ngleic le dúshláin agus bagairtí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al‑Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/2398 ón gComhairle an 24 Samhain 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/2395 ón gComhairle an 24 Samhain 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/2369 ón gComhairle an 20 Samhain 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2024/2357 ón gComhairle an 20 Samhain 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/1484 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/2019 ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise.
- Poblacht Dhaonlathach an Chongó: síneadh bliana curtha ag an gComhairle le smachtbhannaí ar dhaoine aonair
Tá síneadh bliana curtha ag an gComhairle le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó go dtí an 12 Nollaig 2026.
- Beartas tearmainn: An Chomhairle ag leanúint ar aghaidh le dlíthe an Aontais maidir le tíortha sábháilte tionscnaimh agus tríú tíortha sábháilte
Tháinig an Chomhairle ar sheasamh maidir le rialacháin lena mbunaítear liosta an Aontais de thíortha sábháilte tionscnaimh agus maidir le tríú tíortha sábháilte.
- Cosaint tomhaltóirí agus cosaint an cosaint an chomhshaoil: an rialachán maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe formheasta ag an gComhairle
A formheas deiridh tugtha ag an gComhairle don rialachán maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe.
5 Nollaig 2025
- Weekly schedule of President António Costa
Weekly schedule of President António Costa, 8-14 December 2025.
- Tabharfaidh an tUachtarán Costa cuairt ar Bhaile Átha Cliath agus ar Pháras
An 9 Nollaig 2025, tabharfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, cuairt ar Éirinn chun bualadh leis an Taoiseach, Micheál Martin.
- An chéad chruinniú mullaigh riamh idir an tAontas agus an Iordáin le bheith ar siúl an 8 Eanáir 2026
An 8 Eanáir 2026, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, in éineacht le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ionadaíocht don Aontas ag an gcéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Iordáin a bheidh ar siúl in Amman, an Iordáin.
4 Nollaig 2025
- Dlí an Aontais maidir le dífhoraoisiú: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le hathbhreithniú spriocdhírithe
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach chun rialachán an Aontais maidir le dífhoraoisiú a shimpliú agus cur i bhfeidhm an rialacháin a chur siar chun cur chun feidhme éifeachtach a chinntiú.
- Press statement by President António Costa following his meeting with President of Kazakhstan, Kassym-Jomart Tokayev in Astana
European Council President António Costa had a meeting with President of Kazakhstan, Kassym-Jomart Tokayev, on 4 December, in Astana, Kazakhstan.