Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
4 Nollaig 2025
- Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine: síneadh bliana curtha leis na liostaí
Chinn an Chomhairle síneadh, go dtí an 8 Nollaig 2026, a chur leis na bearta sriantacha i gcoinne daoine aonair agus eintiteas atá freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.
- An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun earnáil fíona an Aontais a neartú agus féachaint chuige go mbeidh sí slán i bhfad na haimsire
An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach maidir le sraith beart nuashonraithe le haghaidh earnáil fíona an Aontais a bheidh iomaíoch agus slán i bhfad na haimsire.
- Seasamh leagtha síos ag an gComhairle i ndáil le rialacha nuashonraithe an Aontais maidir le cigireachtaí ar fheithiclí agus maidir lena gclárú
Tháinig na hairí iompair ar chomhaontú maidir le seasamh na Comhairle i ndáil leis an bpacáiste ródacmhainneachta, arb é is aidhm dó rialacha an Aontais maidir le cigireachtaí tréimhsiúla agus cigireachtaí cois bóthair, mar aon leis na rialacha maidir le clárú na bhfeithiclí, a thabhairt cothrom le dáta.
- Seasamh leagtha síos ag an gComhairle maidir le meáchain agus toisí uasta d’fheithiclí bóthair
Ghlac na hairí iompair seasamh ón gComhairle lena leasaítear an treoir lena leagtar síos toisí agus meáchain údaraithe uasta d’fheithiclí bóthair áirithe.
- Teicnící nua géanómaíocha: An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun borradh a chur faoi iomaíochas agus inbhuanaitheacht ár gcóras bia
An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach maidir le sraith rialacha le haghaidh teicnící géanómaíocha nua, arb é is aidhm dóibh iomaíochas thalmhaíocht na hEorpa a fheabhsú agus tacú le hinbhuanaitheacht ár gcóras bia.
3 Nollaig 2025
- Joint press statement following the 6th meeting of the EU-Armenia Partnership Council
The EU and Armenia issued a joint press statement following their 6th Partnership Council meeting.
- An tUachtarán Costa in Astana chun comhpháirtíocht an Aontais leis an gCasacstáin a chur chun cinn
An 3 agus an 4 Nollaig 2025, beidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, in Astana na Casacstáine ar mhaithe le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Áise Láir a neartú.
- Tá an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le rialacha chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis ón Rúis ar mhaithe le hEoraip atá slán agus neamhspleách ó thaobh fuinnimh de
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an rialachán maidir le REPowerEU chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis na Rúise; is é is aidhm leis sin deireadh a chur le haon spleáchas ar ghás na Rúise agus slándáil fuinnimh an Aontais a neartú.
2 Nollaig 2025
- Cosaint tomhaltóirí: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le taisteal láneagraithe
An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach i ndáil leis an treoir maidir le taisteal láneagraithe.
- An Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú maidir le dlí nua de chuid an Aontais chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le dlí nua i gcoinne an éillithe.
- An Gníomh um tháirgí íocshláinte criticiúla: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le rialacha nua chun dul i ngleic le ganntanais
Chomhaontaigh an Chomhairle an seasamh uaithi maidir leis an ngníomh um tháirgí íocshláinte criticiúla, rialachán nua lena bhféachtar le dul i ngleic le ganntanais táirgí íocshláinte trí fheabhas a chur ar an gcomhordú idir na Ballstáit agus ar shlándáil sholáthar na dtáirgí íocshláinte criticiúla san Aontas.
1 Nollaig 2025
- Trádáil: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun rialacha maidir le fabhair thrádála do thíortha i mbéal forbartha a threisiú
Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach maidir le Rialachán athbhreithnithe GSP, lena nasctar fabhair thrádála do thíortha i mbéal forbartha le gealltanais níos láidre maidir le cearta an duine, maidir leis an gcomhshaol agus maidir le comhar imirce.
- An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le tacaíocht do dhaoine atá i mbaol dífhostaíochta
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir le rialachán atá beartaithe lena leathnaítear raon feidhme an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú chun tacaíocht d’oibrithe atá i ngarbhaol easáitithe a chur san áireamh.
- Nochtadh do shubstaintí guaiseacha ag an obair: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le rialacha nuashonraithe
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir leis an séú hathbhreithniú ar an treoir maidir le carcanaiginí, só-ghineacha agus substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, lena bhféachtar leis na rialacha maidir le nochtadh do cheimiceáin ghuaiseacha san ionad oibre a thabhairt cothrom le dáta.
28 Samhain 2025
- Eurogroup presidency: two ministers put forward their candidacies
The election of the new president will take place at the next meeting of the Eurogroup on 11 December. The president is elected by a simple majority of the Eurogroup ministers, in line with the Treaty's Protocol 14 on the Eurogroup.
- Weekly schedule of President António Costa
Weekly schedule of President António Costa, 01 – 07 December 2025
- An caidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: Dul chun cinn déanta ag an gComhairle maidir le gnéithe taraife an Ráitis Chomhpháirtigh a chur chun feidhme
D’aontaigh an Chomhairle a sainordú caibidlíochta maidir le dhá rialachán lena gcuirtear chun feidhme an Ráiteas Comhpháirteach idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe lena gcuirtear deireadh le taraifí allmhairiúcháin ar earraí áirithe de chuid na Stát Aontaithe nó lena laghdaítear iad.
- Safeguarding democracy in Europe: Council shines a light on culture’s vital role
The Council has approved conclusions stressing the need to safeguard and promote culture in all its forms and Europe’s cultural heritage as crucial factors in building and maintaining democratic resilience.
27 Samhain 2025
- Joint Statement following the EU-Chile Joint Council and EU-Chile Trade Council
Joint Statement following the EU-Chile Joint Council and EU-Chile Trade Council.
- Seirbhísí íocaíochta: An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le dlús a chur le comhrac na calaoise agus cur leis an trédhearcacht
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach faoina ndéanfar reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí íocaíochta a threisiú ionas gur fearr a dhéanfar an chalaois íocaíochta a chomhrac, gur fearr an trédhearcacht a bheidh ann maidir le táillí, agus gur fearr an chosaint a dhéanfar ar thomhaltóirí i réimse na seirbhísí íocaíochta.