An tIltaobhachas
Bí ar an eolas faoin gcaoi a n-oibríonn an tAontas lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun an tsíocháin agus an tslándáil a chaomhnú ar fud an domhain agus chun freagairt ar dhúshláin dhomhanda.
Nuair a oibríonn tíortha le chéile, is féidir leo teacht ar réitigh choiteanna ar fhadhbanna comhroinnte agus an tsíocháin agus an rathúnas a chur chun cinn do chách.
Tá an tAontas, atá bunaithe ann féin ar rialacha comhroinnte agus ar chomhar thar theorainneacha náisiúnta, tiomanta go daingean do chóras iltaobhach a bhfuil na Náisiúin Aontaithe ina chroílár.
Cad is iltaobhachas ann?
Is éard atá san iltaobhachas nuair a oibríonn tíortha le chéile, trí idirphlé agus rialacha comhroinnte, chun dul i ngleic le dúshláin fhrithpháirteacha agus chun teacht ar réitigh a théann chun tairbhe do chách.
Tá sé bunaithe ar an smaoineamh gur féidir le tíortha níos mó a bhaint amach le chéile, trí chomhoibriú agus trí éisteacht lena chéile, ná mar a d’fhéadfaidís a bhaint amach leo féin. Is sampla é an tAontas féin den chomhar iltaobhach.
Tosaíocht don Aontas
Tacaíonn an tAontas go láidir leis an iltaobhachas, agus é ag obair go dlúth leis na Náisiúin Aontaithe agus le heagraíochtaí agus comhpháirtithe idirnáisiúnta eile chun seasamh leis an dlí idirnáisiúnta agus chun an tsíocháin agus cearta an duine a chur chun cinn.
Bíonn Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, i ndlúth-theagmháil le comhpháirtithe ar fud an domhain chun tacú leis an gcomhar domhanda agus le hord idirnáisiúnta cothrom riailbhunaithe ina ról mar ionadaí ar an Aontas i gcruinnithe idirnáisiúnta.
For-rochtain dhomhanda an Uachtaráin Costa: an caidreamh le comhpháirtithe idirnáisiúnta a neartú
An tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe
Tá na Náisiúin Aontaithe (NA) i gcroílár chóras iltaobhach an domhain, agus feidhmíonn siad mar ardán domhanda don idirphlé, don chomhar agus don ghníomhaíocht chomhchoiteann. Is comhaltaí iomlána de na Náisiúin Aontaithe iad tíortha uile an Aontais, agus is comhalta breathnóra é an tAontas a bhfuil stádas breathnóra feabhsaithe aige.
Tá an tAontas agus a Bhallstáit lántiomanta do Chairt na Náisiún Aontaithe agus dá prionsabail. I dteannta a chéile, is iad an ranníocóir airgeadais is mó le córas na Náisiún Aontaithe iad.
Rannpháirtíocht an Aontais i bpríomhchomhlachtaí na Náisiún Aontaithe
Is é an Comhthionól Ginearálta príomhchomhlacht plé, ceaptha beartas agus ionadaíoch na Náisiún Aontaithe. Tá stádas breathnóra feabhsaithe ag an Aontas agus comhordaíonn sé i measc a 27 mBallstát chun seasaimh aontaithe a chur i láthair.
Is í an Chomhairle Slándála an príomhchomhlacht domhanda atá freagrach as an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chinntiú. Faoi dhlí an Aontais, ní mór do chomhaltaí an Aontais sa Chomhairle Slándála gníomhú i gcomhar le chéile agus seasaimh agus leasanna an Aontais a chothú.
Guth aonair sa trádáil dhomhanda
Tá an tAontas ina chomhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), an comhlacht domhanda atá freagrach as rialacha trádála idirnáisiúnta ar an leibhéal iltaobhach, ó bunaíodh é an 1 Eanáir 1995.
Tá 27 dtír an Aontais ina mballstáit astu féin freisin. Mar aontas custaim a bhfuil comhbheartas tráchtála agus comhtharaif eachtrach aige, gníomhaíonn an tAontas Eorpach d’aon ghuth amháin san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
Beartais dhomhanda a mhúnlú trí G7 agus G20
Is fóraim idir-rialtasacha iad G7 agus G20 lena nasctar mórgheilleagair an domhain agus lena múnlaítear freagairtí ar dhúshláin dhomhanda i gcomhthéacs geo-eacnamaíoch deighilte atá ag athrú go tapa.
Is comhalta iomlán de G7 é an tAontas ó 1981 i leith agus glacann sé páirt mar chomhalta speisialta, neamháirithe. Tá trí Bhallstát de chuid an Aontais – an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Iodáil – ina mBallstáit freisin.
Tá an tAontas ina bhall iomlán de G20 ó bunaíodh é in 1999. Tá trí Bhallstát de chuid an Aontais – an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Iodáil – ina mBallstáit freisin. Tugtar cuireadh don Spáinn chuig G20 i gcónaí.
Comhar le ECAT
Is comhghuaillíocht pholaitiúil agus mhíleata de thíortha ón Eoraip agus ó Mheiriceá Thuaidh í Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT). Tá a comhaltaí tiomanta dá chéile a chosaint ar gach bagairt.
Is baill de ECAT iad beagnach gach Ballstát den Aontas, cé is moite den Ostair, den Chipir, d’Éirinn agus de Mhálta.
Bunchloch na comhpháirtíochta straitéisí idir an tAontas agus ECAT is ea ár gcomhluachanna, ár dtiomantas dul i ngleic le dúshláin chomhchoiteanna agus ár ngealltanas gan staonadh an tsíocháin, an tsaoirse agus an rathúnas a chur chun cinn agus a chosaint sa limistéar Eora-Atlantach.
An comhar idir an tAontas agus ECAT
Rannpháirtíocht le comhpháirtithe réigiúnacha
Oibríonn an tAontas i gcomhar le comhpháirtithe réigiúnacha, mar shampla an tAontas Afracach, CELAC (Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh) agus na Balcáin Thiar agus tionólann sé cruinnithe mullaigh rialta leo. Is é príomhchuspóir na gcruinnithe mullaigh sin spriocanna polaitiúla agus straitéiseacha a ailíniú agus borradh a chur faoi naisc eacnamaíocha agus faoin trádáil.
Glacann cinn stáit nó rialtais thíortha uile an réigiúin ábhartha agus 27 mBallstát an Aontais páirt sna cruinnithe mullaigh freisin.
An scéala is déanaí
- Keynote speech by President António Costa at the Intelligence on the World, Europe, and Italy – Cernobbio Forum
- An tUachtarán Costa le taisteal go dtí an Tuirc le haghaidh chruinniú mullaigh ECAT agus cruinniú leis an Uachtarán Erdoğan
- Óráid ón Uachtarán António Costa ag searmanas oscailte Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Na blaisíní breise is déanaí
Comhar an Aontais leis na Náisiúin Aontaithe
An comhar idir an tAontas agus ECAT
An tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Lúnasa 2026